- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main, 24 Iúil 2025
Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Faoi láthair, tá an boilsciú ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá againn. Tá an fhaisnéis atá ag teacht isteach i gcomhréir leis an measúnú a rinneamar roimhe seo ar an ionchas boilscithe, den mhórchuid. Lean an brú ar phraghsanna intíre ag maolú, agus fás níos moille ag teacht ar an bpá. Tá sé cruthaithe go dtí seo go bhfuil an geilleagar athléimneach i dtimpeallacht dhomhanda dhúshlánach; is léiriú é sin go páirteach ar na ciorruithe a rinneamar san am atá thart. Ag an am céanna, tá an timpeallacht thar a bheith éiginnte fós, go háirithe mar gheall ar dhíospóidí trádála.
Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2 % atá aici sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí atá againn faoi rátaí úis bunaithe ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Sa chéad ráithe d’fhás an geilleagar ar bhonn níos láidre ná mar a bhí tuartha. Tharla sé sin go páirteach toisc go ndearna gnólachtaí onnmhairí a thús-ualú roimh mhéaduithe a raibh dréim leo ar tharaifí. Ach neartaíodh an fás freisin de bharr tomhaltas príobháideach agus infheistíocht phríobháideach níos láidre.
Léiríonn suirbhéanna a rinneadh le déanaí gur tháinig méadú measartha tríd is tríd ar na hearnálacha monaraíochta agus seirbhísí araon. Ag an am céanna, mar gheall ar tharaifí iarbhír agus ionchasacha níos airde, mar gheall ar an euro níos láidre agus an éiginnteacht gheopholaitiúil leanúnach, is mó an drogall atá ar ghnólachtaí infheistíocht a dhéanamh.
Tá an margadh láidir saothair, ioncam réadach atá ag dul i méid agus cláir chomhardaithe láidre na hearnála príobháidí fós ag tacú leis an tomhaltas. Ráta dífhostaíochta 6.1 % a bhí ann i mí Feabhra, cóngarach don leibhéal is ísle ó seoladh an euro. Tá dálaí maoinithe níos éasca mar bhonn taca faoin éileamh intíre, lena n-áirítear sa mhargadh tithíochta. Le himeacht ama, ba cheart go dtacódh infheistíocht phoiblí níos airde i gcúrsaí cosanta agus bonneagair leis an bhfás freisin.
Anois, thar aon tráth roimhe seo, measann an Chomhairle Rialaithe go bhfuil sé ríthábhachtach an limistéar euro agus an geilleagar a ghabhann leis a neartú go práinneach sa timpeallacht gheopholaitiúil atá i dtreis faoi láthair. De thoradh beartais fhioscacha agus struchtúracha ba cheart go mbeadh an geilleagar níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos athléimní. Ba cheart do na rialtais tús áite a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha d’infheistíocht straitéiseach lena gcothaítear fás, agus airgeadas poiblí inbhuanaithe á áirithiú acu ag an am céanna. Is den tábhacht é an t-aontas coigiltis agus infheistíochtaí agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach, agus go gcuirfí ar bun go pras an creat reachtach chun euro digiteach a thabhairt isteach. Is díol sásaimh don Chomhairle Rialaithe tiomantas an Ghrúpa Euro feabhas a chur ar éifeachtacht, ar cháilíocht agus ar chomhdhéanamh an chaiteachais phoiblí agus tacaíonn sí le hiarrachtaí na n-údarás Eorpach tairbhí frithpháirteacha na trádála domhanda a chaomhnú.
Boilsciú
Maidir leis an mboilsciú bliantúil, ráta 2.0 % a bhí ann i mí an Mheithimh, tar éis ráta 1.9 % i mí na Bealtaine. Tháinig méadú ar na praghsanna fuinnimh i mí an Mheithimh ach tá siad fós níos ísle ná mar a bhí bliain ó shin. Tháinig laghdú beag ar bhoilsciú praghsanna bia, go dtí 3.1 %. Tháinig laghdú de bheagán ar bhoilsciú earraí go 0.5 % i mí an Mheithimh, ach tháinig ardú ar éigean ar bhoilsciú seirbhísí – go 3.3 % – ó 3.2 % i mí na Bealtaine.
Tá táscairí an bhoilscithe fholuitigh i gcomhréir tríd is tríd lenár sprioc mheántéarmach, is é sin 2 %. Tá maolú ag teacht i rith an ama ar na costais saothair. Tháinig moilliú bliain ar bhliain ar an gcúiteamh in aghaidh an fhostaí, go 3.8 % sa chéad ráithe, is é sin laghdú ó 4.1 % sa ráithe roimhe sin. Anuas ar an bhfás táirgiúlachta níos láidre, bhí de thoradh air sin gur tháinig fás níos moille ar na costais aonad saothair. Léiríonn táscairí réamhbhreathnaitheacha, lena n-áirítear rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá i measc gnólachtaí, tomhaltóirí agus réamhaisnéiseoirí gairmiúla, go bhfuil laghdú breise tagtha ar fhás pá.
Tháinig laghdú ar na hionchais ghearrthéarmacha maidir le boilsciú tomhaltóirí i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh araon, agus dá chionn sin aisiompaíodh an t-ardú a chonacthas i rith na míonna roimhe sin. De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 % nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.
Measúnú riosca
Tá na rioscaí atá ann don fhás eacnamaíoch fós claonta i dtreo an taoibh thíos. I measc na bpríomhrioscaí tá géarú breise ar an teannas trádála domhanda agus ar na héiginnteachtaí gaolmhara, rud a d’fhéadfadh onnmhairí a mhaolú agus infheistíocht agus tomhaltas a laghdú. Dá rachadh an meon i leith an mhargaidh airgeadais in olcas, d’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos doichte agus col riosca níos airde a bheith ann agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh gnólachtaí agus teaghlaigh chomh toilteanach céanna a bheith ag infheistiú agus ag tomhailt. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí é an teannas geopholaitiúil, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choinbhleacht thragóideach sa Mheánoirthear. Os a choinne sin, dá réiteofaí an teannas trádála agus geopholaitiúil go tapa, d’fhéadfadh meon dearfach teacht i dtreis agus d’fhéadfaí dlús a chur faoi ghníomhaíocht. Chuirfeadh caiteachas breise ar chúrsaí cosanta agus bonneagair, mar aon le hathchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta, leis an bhfás. Bheadh de thoradh freisin ar fheabhsú muiníne i measc an lucht gnó go gcuirfí borradh faoin infheistíocht phríobháideach.
Tá an t-ionchas maidir le boilsciú níos éiginnte ná mar is gnách, mar thoradh ar thimpeallacht luaineach an bheartais trádála dhomhanda. De bharr euro níos láidre d’fhéadfadh laghdú níos mó ná mar a bhí tuartha teacht ar an mboilsciú. Anuas air sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle má bhíonn éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro mar thoradh ar tharaifí níos airde agus má spreagtar tíortha a bhfuil ró-acmhainn acu a n-onnmhairí a atreorú chuig an limistéar euro. D’fhéadfadh luaineacht agus col riosca níos mó sna margaí airgeadais a bheith mar thoradh ar theannais trádála, rud a chuirfeadh isteach ar éileamh intíre agus a laghdódh an boilsciú freisin dá bhrí sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos airde dá mbeadh de thoradh ar ilroinnt slabhraí soláthair domhanda go n-ardófaí praghsanna allmhairiúcháin agus go ngéarófaí ar na srianta acmhainneachta sa gheilleagar intíre é. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur freisin leis an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na géarchéime aeráide atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Tá méadú tagtha ar rátaí úis an mhargaidh ó bhí an cruinniú deireanach againn, go háirithe ag aibíochtaí níos faide. Ina dhiaidh sin féin, tá iasachtaí corparáideacha níos saoire go fóill mar gheall ar na ciorruithe a rinneamar ar rátaí úis san am atá thart. Tháinig laghdú ar an meánráta úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí go 3.7 % i mí na Bealtaine, anuas ó 3.8 % i mí Aibreáin. Tháinig laghdú freisin – go 3.6 % i mí na Bealtaine – ar an gcostas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint. Cé gur mhaolaigh ráta fáis na n-iasachtaí do ghnólachtaí go 2.5 % i mí na Bealtaine, bhí borradh faoi eisiúint bannaí corparáideacha, ag fás ag ráta 3.4 % i dtéarmaí bliantúla.
Ba bheag athrú a tháinig ar na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí gnó sa dara ráithe, mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc don limistéar euro. Cé go raibh tionchar níos doichte ag ábhair imní na mbanc faoi na rioscaí eacnamaíocha a bhí roimh a gcustaiméirí ar chaighdeáin chreidmheasa, rinneadh é sin a fhritháireamh den chuid is mó le hiomaíocht níos láidre i measc iasachtóirí. Idir an dá linn, tháinig méadú beag ar éileamh na ngnólachtaí ar chreidmheas, agus iad ag baint tairbhe as rátaí úis níos ísle, ach bhí siad faichilleach go fóill mar gheall ar an éiginnteacht dhomhanda agus na teannais trádála.
Is ar éigean a tháinig aon athrú ar an meánráta úis ar mhorgáistí nua ó thús na bliana agus b’ionann é agus 3.3 % i mí na Bealtaine. Tháinig fás suas le 2.0 % ar an iasachtú morgáiste i mí na Bealtaine, i gcomhthéacs méadú mór ar an éileamh, agus d’éirigh na caighdeáin chreidmheasa níos doichte de bheagán sa dara ráithe.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2 % atá aici sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí atá againn faoi rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choinneáil.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa