Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

24 Iúil 2025

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Faoi láthair, tá an boilsciú ag an sprioc mheántéarmach 2 %. Tá an fhaisnéis atá ag teacht isteach i gcomhréir leis an measúnú a rinne an Chomhairle Rialaithe roimhe seo ar an ionchas boilscithe, den mhórchuid. Lean an brú ar phraghsanna intíre ag maolú, agus fás níos moille ag teacht ar an bpá. Tá sé cruthaithe go dtí seo go bhfuil an geilleagar athléimneach i dtimpeallacht dhomhanda dhúshlánach; is léiriú é sin go páirteach ar na ciorruithe a rinne an Chomhairle Rialaithe san am atá thart. Ag an am céanna, tá an timpeallacht thar a bheith éiginnte fós, go háirithe mar gheall ar dhíospóidí trádála.

Tá rún daingean ag an gComhairle Rialaithe a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2 % atá aici sa mheántéarma. Leanfaidh sí cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach ag 2.00 %, 2.15 % agus 2.40 % faoi seach.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2 % atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.

Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa